Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aoinne amháin muirir a bheith ort.
Do dhein sé rud ar an seann draoí. Nuair a bhí an dinnéar ithte ag na bochtaibh go léir chuadar ar a nglúinibh agus chuireadar a nguidhe chun Dé ón a gcroidhe amach agus d'iarradar ar Dhia aoinne amháin muirir a bheith ortha. Bhí san go maith is ní raibh go h-olc agus bliain ón lá san do ráinig mac óg acu agus sé an t-ainm a baisteadh air ná "Aon Mhac a Dhíreóig ó Éirinn."
An méid nár boradh an lá dhó do boradh an oidhche gur eirig sé suas 'na fhear breagh. Chuireadar ar scoil é agus bhí sé ag foghluim go h-áluinn. Bhí loch mór sa tslíghe rómpa agus bhíodh ar na buachaillí is na gearrachaillí aistear mhór a chur díobh chun gabháilt timcheall ar an loch mhór uisce seo.
Chuimhnig Aon Mhac a' Dhíreóig aon lá amháin do féin léimeadh treasna an locha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Chiarraí