Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thug sé fé is má thug ba mhaith an bhail air é mar ghlan sé deich reanna thar imeall na locha nuair a chaith an chuid eile siubhal is bíodh sé aige baile ana fhada rómpa.
Bhí sé mar sin ar feadh ana thamall. Bhí cúirt bhreágh dhuine uasail inaice leis an loch agus chonnaic inghean an duine uasail Aon Mhac a Díreóig ag léimeadh na locha. Do thuit sí i searc agus síor-ghrádh leis agus dubhairt sí len a h-athair ná pósfadh sí aon fhear ach é. Chuir an t-athair saighdiúirí roimis amáireach agus má chuir chonnaic Aon Mhac a Díreóig iad agus tháinig ana iongnadh air.
Dhein sé a léim fé mar a dhein sé gach aon lá eile agus má dhein ghlan sé amach thar na saighdiúirí. Chonnaic sé go raibh na saighdiúirí ar thí breith air ach nár fhéadadar é agus rith sé faid a bh'fhéidir le'n a chosa. Leanadar go dtí an tigh é nuair a chonnaic a mháthair an scannradh a bhí air tháinic lionrad uirthi. "Ó a ghrádhghil ar sí "Cad tá ort?" "Tá an tóir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Chiarraí