Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá cloch in Dún Síon go glaodhtar cloch an t-Sagairt air. Is é an fáth go glaodhtar an t-ainm sin air mar deirtear go bhfuair sagart bás agus ná leigeadh an tiagarna talmhan dos na daoine é do cuir gan cúig púnt...”
Ainm an té de thugh.
Seán Ó Conncubar.
Imleach.
Ainm an té do bhailigh.
Pádraig Ó Muircheartaigh.
Dún Síon.
Tá cloch in Dún Síon go glaodhtar cloch an t-Sagairt air. Is é an fáth go glaodhtar an t-ainm sin air mar deirtear go bhfuair sagart bás agus ná leigeadh an tiagharna talmhan dos na daoine é do cuir gan cúig púnt. Ní raibh an cúig púnt ag na daoine agus 'sé an rud a dheineadar ná é do cur ar an dtráigh. Do fuaireadar cloch mór agus cuireadar ós cionn na h-umha é. Tá ainm an tsagairt le feiscint sgribhte ar an gcloich in Ógham Craobh.- Bailitheoir
- Seán Ó Conncubar
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Imleach Dhún Séann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruigh Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Chiarraí