Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear gur goideadh bó uaidh ag lorg na bó ar fúid na h-áite ach ní raibh sí le fághail. Bhí sé á lorg ar feadh seachtaine...”
Bhí fear gur goideadh bó uaidh ag lorg na bó ar fúid na h-áite ach ní raibh sí le fághail. Bhí sé á lorg ar feadh seachtaine. Cuaidh sé a bhfad ó bhaile sa deire. Bhí sé a gabháilt an bhóthair agus connaic se ba istigh í bpaírc agus fear a bhféireacht agus nuair a bhí sé a déanamh ortha d'aithn sé an bó agus dúbhairt se gurbh í a bhí ann.
Nuair a tháinig sé inaice leó stad sé ag féachaint uirthe "Cad é an féachaint atá agat uirthe sin? ars' an t-aodhaire. "D'imthigh bó uaim" ars' an fear "Do dearbheóchainn gurbh í sin í mura mbeadh an t-eirbeall dom bó-sa. Cuir aodhaire na mbó a lámh 'na phócha agus do thairrigh sé amach a sgian. Dhruid sé isteach leis an mbuin agus do rugh sé ar eirbeall uirthe. Sgaoil sé an sgian air agus ghearraidh sé anuas di é. "Tar isteach anois a dhiail agus dearbhuigh gurbh í dó bhó í. D'fill sé abhaile agus ní bhfuair sé a thuilleadh dá duadh. Bhí a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí