Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí bean ag dul go Tráighlí agus do chuaidh sí isteach sa carráiste..”
Do bhí bean ag dul go Tráighlí agus do chuaidh sí isteach sa carráiste. Do bhí fear istigh roimpe. Nuair a thosnuigh an traen ag gluaiseacht do thóg an fear a phíp amach agus do dhearg sé é. Níor mhaith leis an mhnaoí é sin do chuaidh sí cuige agus shnap si an phíp ón bhfear agus amach an fhuinneóg leis. Do bhí an fear ar dearg buile agus do shnap sé an madrín a bhí ag an mnaoí, agus amach an fhuinneóg leis indiaidh an phípe. Do bhí an beirt acu ar dearg buile annsan. Nuair a sroiseadar Tráighlí bhíodar ag dul cun cainnte le fear an stáisiúin nuair a fhéachadar ar ais agus cad a connachadar ach an madrín agus an phíp 'na bhéal aige ag teacht suas an bóthar iarainn.- Bailitheoir
- Seán Ó Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí