Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bacadh ann fadó agus bhíodh sé ag lorg déirce. Chuaidh sé isteach í dtig agus fuair sé gráinne cuirce...”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé ar ais dúbhairt an bhean leis go dtáinigh capall isteach agus gur bhris sé cos na muiche. "Is liom-sa an capall" ars' an fear. "Ní leat í" ars' an bhean. Do thugadh an beirt os cómhair na cúirte ach b' éigin don mbean an capall do sgaoileadh leis an bhfear. Do thomáin se an chapall isteach i dtigh eile agus dúbhairt se le bean a' tíghe an capall a coimeád dó. Nuair a bhí sé amuigh do tháinigh chailín isteach agus do sgaoil sí an capall. Nuair a dtáinigh a' bacach isteach dúbhairt an bhean leis gur sgaoil chailín í. "Is liom-sa an cailín" ar seisean. "Ní leat" ars' an bhean. Sa deire dob' éigin an cailín a sgaoile leis. "Níor mhaith léi siúbhal in aonacht leat" ars' an bhean, "agus cuirfidh mé isteach í mála í" "Tá go maith" ars' an bacach. Thug sé an cailín isteach í seomra ach do chuir sí madra mór bán isteach in ionad an chailín. Thug sí an mála annsan don bacach agus bhuail seisean ar a dhrom é. D'imthigh sé go bárr an cnuich agus bhí sé chun í do chaitheamh leis an bhfaill. Nuair d'oscail se an mála léim an madra amach agus as go bráth leis. Bhí sé ag feadghail air an madra ach níor tháinigh sé. Do fágadh annsan é gan coirce, gan cearc, gan muc, gan capall tréis an lae.- Bailitheoir
- Seán Ó hUallachaín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó hUallachaín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí