Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 201
- XML “Scéal - Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal---Sidheóga.
Bhí fear mór láidir ann agus gach uair a theigheadh sé go dtí an margadh ní thagadh sé abhaile go dtí a h-aon a chlog ist oidhche. San aistear abhaile bhíodh air gabháil in aice teampaill. Oídhche amháin bhí sé ag teacht abhaile agus bhí an pháirc inaice an teampaill lán suas de dhaoine agus iad ag bualadh báire. Cuiraedh an liathróid roimis ar an mbóthar. Bhuail sé cic ar an liathróid agus chuir sé dhe ansan. Ní fada an bóthar a bhí curtha dhe aige nuair a cuireadh soitheach ar a cheann. D'ísligh sé é féin agus scaoil an soitheach thairis amach. Bhí an tarna ceann 'na dhiaidh agus dhein sé an cleas céadna, agus dhein an rud céadna leis an dtriomhadh ceann. Bhíodar ag casadh 'na dhiaidh ar an mbóthar agus chas sé siar ar an soithig agus nuair a bhí sé ag déanamh air léim sé é. Dhein an rud céadna leis an 2adh agus leis an 3adh ceann. Tháinig sé abhaile ansan agus ní raibh sé istig leis féin. Bhí sé 'na luighe ar a leabaidh ar feadh bliana ansan na h-aon lá agus oidhche, ach sa deire thiar thall d'eirigh sé tamaillín san oidhche.
Tháinig fear taobh amuigh ar dhream chapaill. Conus tá'n tú ar seisean ? Mhuise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Fhothrach Mhór, Co. Chiarraí