Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 206
- XML “Tíorántacht na dTiarnaí Talún”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ars' an Gaige, chun eagla a chur ar do chapall. Ropaire críochnuighthe a b'eadh an gaige. Má'seadh ar seisean, árdófar an cíos láithreach ar mhuinntir an bhaile, agus do h-árduigheadh.Bhí Riogh ann fadó agus bhí triur mac aige. Bhíodh giorrfhiadh bán ag gabháil thar béal dorais gach aon lá. Lá amháin dubhairt an mac ba shine go n-imtheochadh sé indiaidh an ghirrfiadhe féachaint an dtiocfadh leis é mharbhú le capall agus le gadhair. Bhí cú aige agus madralla agus madra gearra. D'imthig indiaidh an ghirrfhiaidhe agus níor tháinig suas leis go raibh an oidhche chíor dhubh aige. Chas sé chun teacht abhaile agus bhí an aistear anfhada air. Nuair a bhí sé tamall maith slighe abhaile chonnaic sé tigín roimis agus solus ann. Chuaidh sé isteach. Bhí sean-chailleach roimis istig agus d'iarr sé lóisdín uirre. Dubhairt sí go dtabharfadh sí lóisdín le fáilte do mhac an Riogh. Thug sí suipéar ansan do. "Tá eagla orm roimis na gadhair atá agat" ar sise nuair bhí an suipéar ithte. "Ní chuirfidh siad isteach ort in aon chor " ar seisean. "Ceangail iad" ar sise. "Níl aon téad agam" ar seisean. Tharraing sí ribe anuas d'á ceann. "Caith an ribe sin ortha" ar sise. Chaith, agus bhíodar ceangailte amhail is dá mba téadán a
- Bhí Riogh ann fadó agus bhí triur mac aige. Bhíodh giorrfhiadh bán ag gabháil thar béal dorais gach aon lá. Lá amháin dubhairt an mac ba shine go n-imtheochadh sé indiaidh an ghirrfiadhe féachaint an dtiocfadh leis é mharbhú le capall agus le gadhair. Bhí cú aige agus madralla agus madra gearra. D'imthig indiaidh an ghirrfhiaidhe agus níor tháinig suas leis go raibh an oidhche chíor dhubh aige. Chas sé chun teacht abhaile agus bhí an aistear anfhada air. Nuair a bhí sé tamall maith slighe abhaile chonnaic sé tigín roimis agus solus ann. Chuaidh sé isteach. Bhí sean-chailleach roimis istig agus d'iarr sé lóisdín uirre. Dubhairt sí go dtabharfadh sí lóisdín le fáilte do mhac an Riogh. Thug sí suipéar ansan do. "Tá eagla orm roimis na gadhair atá agat" ar sise nuair bhí an suipéar ithte. "Ní chuirfidh siad isteach ort in aon chor " ar seisean. "Ceangail iad" ar sise. "Níl aon téad agam" ar seisean. Tharraing sí ribe anuas d'á ceann. "Caith an ribe sin ortha" ar sise. Chaith, agus bhíodar ceangailte amhail is dá mba téadán a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhothrach Mhór, Co. Chiarraí