Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 298
- XML (gan teideal)
- XML “Aimsir an Ghorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Ministir i mBaile an tSagairt in aice an Daingin seachtó bliain ó shoin agus b'é an ainm a bhí air ná Thompson.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ghnó chun go bhféadfadh sé iad a chur as a seilbh. Bhí beirt shagart ón nDaingean ag teacht go Liospóil agus bhuail Maonas a tSíthig - feirmeóir i mBaile an tSagairt, ar an mbóthar leo. D'fhiafruig an tAthair Ailpín do Mhaonas an raibh aon scéal aige. "Tá, 2 ars' Maonas, "drochscéal," agus d'innis sé do'n sagart cad a thug an ministir go Sasana. Chuir an tAthair Ailpín a stól air agus thosnuig ar leigheamh as a leabhar. Dubhairt sé leis an tAthair Ó Dubháin a bhí 'na theannta "Amen" a rádh nuair a bheadh deire léighte aige féin, ach níor dhein an sagart óg rud air. Léig sé an tarna uair ach ní déarfadh an tAthair Ó Dubháin "Amen". Nuair a leigheadh na focail an triomhadh uair dubhairt an tAthair Ó Dubháin le Maonas "amen" a rádh, agus 'sé Maonas a dubhairt go dúthrachtach "Amen a Thighearna." "Is mó duine a imthigheann ná filleann," ars' an tAth. Ailpín le Maonas, agus b'fhíor do mar i gceann tamaill tháinig scéala gur cailleadh an ministir go h-obann i Sasana, t'réis cead d'fhágail na daoine bochta i mBaile an tSagairt do chaitheamh amach. Fagadh 'na seilbh ansan iad.- Aimsir an Ghortadh Bhí bean darbh ainm Máire Ní Chatháin 'na cómhnuidhe i mBaile Mhic a Dubhghaill inaice an Daingin agus feirm mhór aici. Bean ana mhaith dos na bochtaibh a b'eadh í, agus bhídís ag rith chúiche(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 95
- Seoladh
- Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí