Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “Tonn Tóime i mBá an Daingin in aice Chill Orglan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1 Tonn Tóime i mbágh an Daingin in aice Chill Orglan. Deirtear go dtriomuigheann sí na h-aon seachtmhadh bliain. Ba mhinic daoine ag faire chun caoi d'fhághail ar an tiongantas san d'fheiscint agus sa deire d'éirigh le fear de mhuinntir Sheaghda an tseans d'fhághail.
    Do bhíodh brat draoidheachta leathta ar an dtalamh ag na daoine maithe an fhaid is bhíodh an dúthaigh áluinn seo trim. Amach le Mac Uí Sheaghdha ag marcuidheacht ar chapall agus é ag lorg an bhrait. Tháinig sé i ngan fhios ar na sídheoga - rug sé 'na gcodladh ortha agus fuair an brat. Bhuail sé laistiar de ar an gcapall é agus seo leis thar n-ais ar a dhícheall mar dá n-éirigheadh leis an brat draoidheachta a thabhairt slán leis chun barra taoide d'fhanfadh an tír draoidheachta sin trim go bráth airís.

    Bhí an beart nách mór déanta aige nuair a dhúisigh na sídheoga agus thuigeadar cad a bhí ar siúbhal. D'éirigh Tonn Tóime agus í ar buile. Bhí an marcach i ngiorracht feadh de bharra taoide nuair a bhain an Tonn óhn ?? iallait siar den gcapall. Chuaidh Mac Uí Sheaghdha slan ach d'fhan an brat ag na sídheoga. Ó shoin i leith deirtear go bhfuil baoghal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Brosnacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí