School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 453
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean agus máthair a chéile i na gcómhnaidhe i Sráid Eóghain insan Daingean ábhar blianta ó shoin. Bhí an fear ag tuill iamh a págh ó fheirmeóir sa Daingean. Tháinig sé abhaile lá chun dhínnéir, agus cad a bhí ach an beirt bhean ag gol roimis. Diarraidh sé dhá bhean cad é an cúrsaí goil a bhí acu. ''Tá'', ar sí sin, ''nó ná fuil aon mhuirear orm.'' ''ach cad tá ort a sheana bhean'', ar sise, ''táimse ag gol'', ar sise, ''mar níl aon mhuirear orm.'' ''Mhuise ná leige Dia ná Muire agam sibh araon,'' Do rug sé ar mhála agus do bhuail sí ar a ghualainn é, ''beidh mé ag siubhal rómham de ló istoidhche go dtárlóchaidh amadán nó óinseach chómh mór libse liom.'' Do chuir sé dho síos a' tsráid, agus soir bóthar an Spágh, agus bóthar an Chonnrach ó thuaidh. An chéad baile a tárlaidh leis do loirg sé óstaidheacht mar bhí an oidhche ag teacht air, agus fuair sé é. Fuair sé greim le n'ithe agus do socruigheadh leabaidh sa chúinne fé, agus fuair sé saghas éigin bricfeasta ar maidin. Chuir sé dho agus máilín ar a ghualainn aige ag lorg déirce ó thig go tig. Lá ana fhuar(continues on next page)
- Informant
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Gabhlán Ard, Co. Chiarraí