Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear saidhbhir ann uair. Siopadóir ab'eadh é agus chomh maith le minagus plúr a bheith á ndíol aige bhíodh árthaighe ag teacht chuige na h-aon lá. d'eirigh stoirm agus ní fhéadfadh aon cheann acu teacht isteach. Chualaidh sé gur tháinig árthach isteachi gCorcaigh agus d'imthigh sé le capall iallait féachaint ar bhain an t-árthach leis. Níorbh leis é in aon chor.
    Chuir sé dho abhaile airís oidhche fhuar earraigh. Bhí an oidhche chómh h-olc le sneachta agus stoirm gur chuaidh sé amugha. Bhí sé díreach t'réis coill do chur de nuair chonnaic sé tig roimhe sa tslighe agus solus ann. Chuaidh sé isteach. Bhí biadh leagaighthe amach ar an mbórd. D'ith sé an biadh gan aoinne d'fheiscint. Nuair a bhí ithte aige tháinig fear chuige a chuir scannradh agus uathbhás air mar ceann muice a bhí air.
    "Tá mo chuid bídh ithte agat," ar seisean. Thug sé lóisdín oidhche dho ansan agus thug a bhricfeast ar maidin do. Nuair a bhí sé ithte aige dubhairt an fear a'tighe leis "muna dtabharfaidh tú t'inghean chríonna anso chugham a leithéid so do lá bainfead an ceann díot. Tá do chapaillín caillte anois leis an bhfuacht ach tá capaillín anso agam agus beir leat í mar b'fhéidir nách bhfuil aon nídh aged' leanbhaí sa bhaile. Tabhair leat paca atá anso. Thug isteach i seómra é agus líon an paca d'ór. D'imthig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gribhthín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fhothrach Mhór, Co. Chiarraí