Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “An Eaglais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Eaglais
    Cúlóigín an Aifrinn: Bhí seipéal sa bhaile seo os cionn céad bliain ó shoin.
    Páirc na Crosaire - in aice le Crosaire na Muarc nó mBúrc?? n'fheadar aoinne cad' na thaobh gur glaodhach an ainm sin ar an gcrosaire - sean ainm 'seadh é.
    Cruibín na Muice a ghlaodhtar ar an gcrosaire seo leis.
    Ínnstear an scéal seo leanas mar gheall ar Cruibín na Muice: - Chuaidh an Gaduidhe Dubh ó Átha na Charabaill ó dheas go dtí an Mináird oidhche agus d'arduig sé muc leis. Agus é ag dul abhaile stad sé tamall ag an gcrosaire seo agus bhuail sé an mhuc taobh leis ar an gcarraig. Nuair a d'eirigh sé chun imtheacht bhí cruibín de'n muic ceangailte leis an gcarraig agus ní fhéadfadh sé an mhuc do bhogadh as an áit. Abhaile leis ach tháinig sé go dtí an áit chéadna go luath ar maidin airís. Ní bhfuair sé tásc ná tuairisc na muice ach thug sé fá ndeara rian na crúibe go doimhin ar an gcloich.
    Béal an Átha: an pháirc in aice an átha san abhainn.
    Páirc a' Staighre - í ana árd.
    An Pháircín Lín - líon ag fás ann fadó.
    Fearann Brún - Is dócha gur le duine darbh ainm Brún é uair.
    Páirc an Aitinn.
    Páirc a' Leasa
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge