Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tobar Caoch.---tobar beannuighthe.Tá an tobar seo i bPáirc Pheadair Uí Chaománaig i Mám a' Ghurráin sa pharóiste seo. Deirtear gurbh tobar beannuighthe é fadó agus go dtugadh daoine turas ann. Tá leacacha 'na seasamh mór dtimcheall air. Úsáidtear an t-uisce anois i gcóir gnóthaí tighe agus araile.
Bhí bhean bhocht ag bailiú déirce ó thig go tig fadó agus níorbh mhaith an earra í, d'réir deallraimh mar do thugadh sí a mallacht d'aoinne ná beadh go maith dhi. Tháinig sí go dtí Mám a' Ghurráin lá agus shuidh sí inaice an tobair an fhaid a bhí sí ag ithe píosa aráin. Tháinig na h-éanlaithe chun brúscar an aráin d'ithe ach is amhlaidh a chaitheadh sí an brúscar isteach sa tobar ar eagla go bhfhaigheadh na h-éiníní é.
Ansan chrom sí síos chun deoch d'ól as an tobar ach braon níor eirigh léi d'fhághail. Chuaidh an tobar i ndísc an uair sin, agus rud ní ba mheasa ná san do chaill an tseanbhean a radharc ar an láthair.
B'shin é an fáth gur glaodhadh an "Tobar Caoch" ar an dtobar úd. Tá uisce maith agus fuighleach de sa tobar ó shoin airís.- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Brosnacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mám an Gharráin, Co. Chiarraí