School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 234
- XML “Scéal Grinn Eile”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fhathaigh deire a chur leis an dtailliúr. Dubhairt sí leis rud éigin a d'fhághail a bhí ag bun bhosca mhóir. Bhí fhios ag an dtáilliúr go gcaithfeadh sí isteach ann é agus dubhairt sé ná féadfadh sé an rud d'fhághail. Chuaidh an bhean féin ag triall air ansan agus nuair a fuair an tailliúr an caoi do chaith sé isteach sa bhosca í agus d'fhág ann í.
- Bhí lanamha ann fadó. Bhíodar saidhbhir ach iad ana shanntach. Bhí sclábhuidhe ag obair acu. Oidhche amhain buaileadh breoidhte fear a' tighe, bhí sé ana bhreoidhte ar feadh cúpla lá agus fuair sé bás. Cúpla lá indiaidh a bháis dubhairt an bhaintreabhach go raibh ana uaigneas uirthe indiaidh Sheáinín. "Dheara," ars an buachaill aimsire, "ní ceart duit aon uaigneas a bheith ort, nár fhág sé airgead do dhóthain agat." "N'fheadar," ars' an bhean, "ar chuireas a dhóthain le na anam?" Cúpla oidhche 'na dhiaidh san chuaidh an sclábhuidhe go dtí an roilig, bhain sé an aibíd de'n duine marbh, agus chuir sé ar féin é mar fear seóidh do b'eadh é. Timcheall lár(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Thomáis Uí Núnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí