Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 214
- XML “Tonn Tóime i mBá an Daingin in aice Chill Orglan”
- XML “Scéal - Conas a Fuairtheas amach go Raibh Leasú Talún sa Ghainimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bháidhte ar aoinne de mhuinntir Sheaghdha ar an bhfarraige, go mór mhór ag gabháil thar Tonn Tóime dóibh.
"A Mhuinntir Sheaghdha, seachnuighid an fharraige."
2 Scéal - Conus a fuairtheas amach go raibh leasú talmhan sa ghainimh. - Fadó nuair ná raibh dlighe sa tír ach go mbíodh an té ba threise in uachtair do theigheadh buidheanta fear amach ag creachadh agus ag tabhairt abhaile leo gach a gheibhdís.
Do tharla lá gur ghaibh gasra fear an Chonair anuas agus fonn creachta ortha. Do shroiseadar an Gharthanaigh ag bun an chnoic agus iad ag tiomáint na mbeithidhe rómpa. Chuaidh an scéal isteach i dtigh áirithe go raibh a gcuid stoc ag imtheacht ach ní raibh aoinne istigh ach an cailín aimsire.
Rith sí amach agus droch fhuadar fuithe. Thug sí scian mhór leithe chun cuid a máighistir do chosaint. Bhí sí ar buille nuair a chonnaic sí an droch obair a bhí ar siubhal agus do stopadh sí na creachadóirí ins gach bearnain. Do sháidh sí an scian i bhfoth dhuine díobh leis, ach sa deire thiar thall do baineadh di í agus b'éigin dí stad.
Tamall ina dhiaidh san d'imigh sí síos amach di féin ag lorg oibre. Fuair sí lóisdín oidhche i gCiarraidhe Thuaidh agus dubhairt fear a'tighe leithe go fial suidhe chun an bhúird agus a dóithin d'ithe. Agus í ag ithe d'fhiafraigh fear a' tighe di ar aithin sí an scian san ar an mbórd.
d'fhreagair sí gur aithin agus dúbhairt seisean gur mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Brosnacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí