Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 463
- XML “Scéal - Murúch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí mó rán daoine na gcomhnuidhe thiar ar an Rinn Bheag ar an dtaobh thiar theas de Chuan an Daingin sa tsean aimsir. Bhí fear díobh darbh ainm Seán Ó Fhlaithbheartaig lá ar an dtráig nuair chonnaic sé uaidh an Murúch suidhte ar charraig agus í ag cíoradh a gruaige. D'éaluig sé uirre agus tháinig i ngiorracht dhi i gan fhios. Rug sé ar a cochall a bhí 'na h-aice agus b'éigin di é leanamhaint annsan.
Bean ana áluinn do bheadh í agus thugadar grádh dá chéile. Phósadar agus bhí cúigear cloinne ortha. Bhí sí go slachtmhar chun gach saghas oibre do dhéanamh aagus mhaireadar go síothach grádhach le na chéile. Dá mbeadh easba soluis ortha do thabharfadh ingine a méireanna solus don tig. Bhí a fear lá ag cuardach rud éigin ar an gcúl lochta, agus chaith sé anuas ar an dtalamh gach nídh a bhí ann. Cad a bhí na measc ach an cochall a ghoid sé ó na mnaoi agus a choimeád sé i bhfolach uaithe ó shoin i leith. Ní túisge a leag sise súil ar an gcochall nó go rug sí air agus dhein gáire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brigid Bean Uí Dhubháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí