Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deasa cruinne cruadha di agus oidhche áirighthe chuiridís ar an gcrann dealúghadh [iad] chun d'fhagháil amach cá mhéid beannlámha (=bannlámha) a bheadh aca.
Annsan chuiridís go dtí an muileann é chun bréide do dhéanamh de agus as a gcuid bréide dheinidís culaith do gach duine sa tigh.
Nuair a bhíodh an tsnáth tochraiste ba ghnáthach leo adhbhar stocaí do choimeád abhaile (=sa bhaile) chun iad de dhéanamh. Gheibhidís sórt cúnlaigh ar na carraigeachaibh chun iad do dhathúghadh nuair bhíodh siad déanta ach níl an béas sin ag na mnáibh fé láthair.[Nóta i láimh eile: Is maith é an rud maith, ach is fearr i bhfad é fhadú. Síniú doléite 21-10-37]Ó Phádraig Ó Súilleabháin, fear an phuist, Milíní, Bunán- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí