Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Saghas tighthe a bhíodh ag na daoinibh imBunán fadóIns na hísleánaibh dheinidís na tighthe i dtreo is go mbeadh fothain maith le fagháil ann agus leis bhí sé mar bhéas ag na daoinibh carn aoiligh do bheith os comhair an dorais amach nú le hais na fallaibh (!). De chré ghorm agus clocha deintí iad agus is cumhang, íseal, gairid a bhídís. Bhí poll mór ins gach tigh chun deataigh a leogaint amach agus ciseán nú rud éigin cruinn ar bharr an tsimné. Dar ndóigh ní raibh na simnéidhthe ró-mhaith chun an deataigh a tharrac agus i dtulcanna móra scaipeadh an deatach ar fuid an tighe. Fairis sin bhíodh prátaí ar an lochta de ghnáth agus leogaidís poll beag i bhfalla an lochta lámh leis an tsimné chun cuid den deatach a mhealladh isteach san lochta chun caistíní do dhéanamh dos na prátaíbh. Tá cuid desna seantighthe den tsaghas san le feiscint fós timcheall na háite seo.
Chun lochta a dhéanamh gheibhidís barra iarainn ("spit") agus leis sin dheinidís béamaí giumhaise d'aimsiúghadh ins na portachaibh agus chuiridís na béamaí céadna treasna an tíghe agus cliath anuas orrtha. Dheinidís an cliath de shlataibh i bhfuirm dréim[i]re agus nuair a bhíodh cléithe a ndóthain déanta aca chuiridís anuas ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí