School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 229
  3. XML “Saghas Tithe a Bhíodh ag na Daoinibh i mBunán Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dob' é obair na bhfeirmeoirí gach oidhche roinnt aitinn do ghearradh le haghaidh na n-ainmhidhthe (h- sa lámhscíbhinn). Pé buachaill nú fear a thagadh isteach chun seanchaidheachta do chaitheamh bhíodh air seal a thabhairt ar an
    rá[mha]in i dtreo is go mbeidh na deiligní brúighte agus bog leis.
    Solas agus obair
    Ní raibh aon solas aca acht an buaiceas, stráilleog, coinneal mhúnla, nú geataire giumhaise. Bhíodh buachaill nú cailín á gcoimeád an fhaid is do bhíodh an obair ar siubhal. Tímcheall triochad blian ó shoin dheinidís na coinnle múnla. Bhí fuirm ("mould) coinnle déanta de stán aca, chuiridís trí cinn aca ina seasamh ar stáitseán agus snáithín mar buaiceas tré gach ceann aca. Nuair [a] mharuídís bó, choinnighidís an gheir. Dheinidís é do leaghadh agus líonaidís an "mould" leis agus fágaidís (fagadaís sa lámhscríbhinn) ann é go dtí go mbíodh sé cruaidh.
    Bhíodh na mná ag sníomh, cárdáil nú ag tarrac lín. Pé duine go raibh roinnt caorach aige bhíodh crann-dealúghadh (=crann dealbha) sa tigh aige. Fráma adhmaid ab' eadh é - pionnaí adhmaid innti agus nuair [a] bhíodh an tsnáth tochraiste i gceartlíní cruinne cruadha dheinidís é do chasadh ar an gcrann dealúghadh féuch cá mhéid beannlámha (=bannlámha) a bheadh aca. Chonnaic mé ceann aca go minic.
    Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Na Millíní, Co. Chiarraí