Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 230
- XML “Obair na nDaoine Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Obair na ndaoine fadóFadó ní raibh aon uirlisí talmhan ag na daoinibh ach an rá[mha]in, sluasad, corrán, píce, grafán agus piocóid agus sleán leis. Ba mhaith an sás iad chun oibre do dhéanamh agus ba mhór a neart leis. Sara n-ithidís aon bhéile bídh ar maidin bhíodh a lán oibre déanta aca. Ceithre fichid blian ó shoin ní raibh ach capall annso is annsúd sa pharóiste agus ar dhromanna na ndaoine bheiridís na hualaighe de ghnáth. Tá bean bheag ina cómhnuidhe fós idir Bunán agus Neidín agus thug sé 56 punt ime treasna na léime go Beanntraighe agus bhí beirt bhan eile a mhair i nGort na Binní agus le dhá chiseán thugadar lán bháid de ghainimh ó Ghleann Garbh go Bunán chun a gcuid talmhan a leasúghadh.Bhíodh na fir is na mná cosnochtaithe de ghnáth fiú amháin agus iad ag obair sna páirceannaibh. Pé 'ca ag baint nú ag piocadh prátaí [a] bhídís ní bhíodh aon bhróg orrtha, agus nuair [a] théidheadh na fir ag tiomáint na gcaorach ar na cnuic ní bheadh na bróga mar ualach aca. Nuair [a] théidís ar Aifreann bheiridís na bróga ar a ngualnaibh agus ag druideamhaint leis an tséipéal bhuailidís orrtha iad. Dachad blian ó shoin is minic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí