Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 260
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinig an dubh ar na prátaí ní raibh aca ach arbhar ach pé méid a bhí ann ní choinneóchadh sé ina mbeathaidh iad mar ní fhásann an t-arbhar ró-mhaith annso pé saghas aimsire a bhíonn againn. Ní bhíonn ach stáca nú dó ag gach feirmeoir fé láthair agus suas le trí malaí coirce ag gach ceann.
Ar an min bhuidhe a bhíodar ag brait agus nuair ná raibh an t-airgead raidhseamhail ba dheacair é d' sholáthar. Ithidís turnapaí agus cabáiste go minic, agus d'airigheas seanbhean ó Ghairidhleitir a rádh uair go bhfeaca sí beirt bhan ag troid go fíochmhar mar gheall ar phréachan a fuaireadar i gcoill an Ghaorthaidh. Bhí coill mhór ann an uair sin. Bhí tigín beag ag triúr ban lámh le droichead Ghairidhleitir ar thaobh an tseana-bhóthair idir Bunán agus Gleann Garbh agus chomh túisce is [a] gheibheadh bean bás chaitheadh an bheirt eile laistigh den doras í, agus nuair a d'éag an tarna duine, fuair an corp an íde chéadna, agus bhí an triúr marbh nuair [a] tháinig an carráiste -"Buggie Nóra"- chun iad do thionnlacan chun na roilige seo an rann mar gheall ar an gcarráiste:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí