Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 292](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0461%2FCBES_0461_292.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 292
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 292
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thráthnóna.
Maidir le cúram na gcos coinnigheann cuid dos na daoinibh uisce na gcos isteach go maidin, agus caitheann daoine eile amach é á rádh san am céadna "seachanaidh" do na "daoine maithe" is dóigh liom, agus iompuigheann siad an mhias béal fé agus iad á fhollamhú.
Is iad na chéad bhróga a chaith daoine na háite seo ná "bróga perc". Thugadh daoine ó Mhagh Chromtha go Neidín iad i gciseánaibh agus díoltaí i mbolg na sráide iad lá aonaigh nú margaidh. Dá dtéigheadh lucht caithte na mbróg ró-chómhgarach don teine bheireadh an teine orrtha agus thagadh múchóg asta. Chuiridís píosa de pherc leo airís agus bhí úirlis éigin chun é do dhéanamh acht theip orm a ainm d'fhagháil ó éinne.
Ceithre fichid blian ó shoin bhí a lán gréasaidhthe sa pharóiste agus obair a ndóthain le déanamh aca agus anois níl éinne ag déanamh bróg ann. Bhí aon ghréasaidhe amháin ann acht ó tharraing sé siopa air níor chuir sé taoibhín ar bhróig. Acht féadann na buachaillí agus na seandaoine snáth céireach do dhéanamh, taoibhín do chur agus buinn fé bhrógaibh leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donncad O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Duílios, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Murt O Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94
- Seoladh
- Cill an Bhunáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Drom an Ghoirtín, Co. Chiarraí