Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 311
- XML “Scéalta na mBan Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéalta na mban sidheTá tigh feirmeora leath-mhíle ón áit seo agus seo sgéal ina thaobh: -
Bhí beirt chailín ann oidhche amháin agus bhí fear an tighe imthighthe go Beanntraighe mar lá aonaigh a bhí ann agus bhí na cailíní ag feitheamh leis chun teacht. Bhíodar tuirseach, tnáidhte tar éis oibre an lae agus timcheall a dó dhéag do shíneadar ar an tsuidheachán agus chuireadar bolta ar an ndorus mar do bhí [a] fhios aca go ndéanfadh na fir fothram le linn a bhuailte ar theacht abhaile dhóibh.An cailín a bhí ar an dtaobh istigh den suidheachán thuit an codladh uirthi acht bhí an cailín eile ina dúiseacht. Ní raibh aon solus sa tigh acht amháin ón dteineadh agus timpeall leath-uair tar éis a dó dhéag tháinig bean isteach tríd an gcisdin agus shuidh sí cois teineadh go ceann tamaill.Nuair [a] chonnaic an cailín í tháinig sgeoin uathbhásach uirthi agus thug sí sáth[adh] dá gualain[n] don gcailín eile chun í do dhúiseacht. Theip uirthi agus i gceann tamaill eile d'eirigh an bhean agus amach an dorus léi airís. I ndeire[adh] na scríbe tháinig na fir ón aonach. Dheineadar cnag ar an ndorus.(Séamas Ártúr. Doire na gCathrach, Neidín, 50 bl.)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séumas Ártúr
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Doire na Cathrach, Co. Chiarraí