Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 312
- XML “Scéalta na mBan Sí”
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Phreab an cailín amach chun iad do leogaint isteach.Do lasadar coinneal agus ar an gcéad amharc a thugadar ar an dteine cad a chifidís ar stól acht dúidín bán agus é lán de thobac.Bhíodh seanabhean - Peig Ní Luanaigh- ag gabháil timcheall an uair sin. Deirti go mbíodh sí i gcuideacht na ndaoine maith[e] agus maidin i mbáireach bhuail sí an doras isteach agus dubhairt sí gur ar lorg a píopa a thaínig sí airís.Ní fios ar cionnas a tháinig sí isteach an oidhche roimis sin mar bhí an bolta feistighthe go daingean ar an ndoras.
- Sgéal eileD'airigh (? = d'airigheas ? adéarfainn ba cheart a bheith scríte anso) mo mháthair á rádh go raibh sean-aithne aici ar Pheig agus oidhche áirighthe chuaidh mo mháthair agus a drifúr amach d'iarraidh canna uisce agus chun éadaighe a thabhairt isteach leis. Nuair [a] chuadar chun an tobair d'fhágadar an galún lámh leis agus annsan chuadar go dtí páirc eile ag bailiúghadh na héadaighe acht nuair [a] thánadar thar n-ais ní raibh táisc ná(leanann ar an chéad leathanach eile)