Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 313
- XML “Scéal Eile”
- XML “Scéal Eile mar gheall uirthi”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuairisg do'n ghalún in aon áit agus b'éigean dóibh teacht isteach gan é. Nuair [a] thánadar isteach, dubhairt mo shean-athair go raibh páisde ag gol go truaighmhéileach agus ochlánach timcheall an tighe an fhaid is [a] bhíodar amuigh. Maidin i mbáireach bhuail Peig chútha agus dubhairt sí leo gur ró-dhéanach a bhíodar amuigh aréir agus d'innis sí go cruinn an áit ina raibh an galún curtha.
- Sgéal eile mar gheall uirthiI nGleann Garbh a rugadh mo mháthair agus bhíodh an Pheig chéadna timcheall na paróiste go minic agus mo mháthair ina cailín óg. Do chaill muinntear mo mháthar buachaill tar éis taom breoidhteachta [a] bheith air - col ceathrair dom mháthair ab eadh é agus bhí a thuismightheoirí go brónach, ochlónach, uaigneach ina dhiaidh. Thugadar culaith éadaigh do dhuine eile ar son Dé, mar is gnáth nuair a gheibheann duine bás i gCiarraidhe nó i gCorcaigh acht do dheineadar dearmhad ar chaipín agus gealasaí a thabhairt ina theannta.Do bhuail Peig isteach chútha lá agus d'innis sí dhóibh go bhfeaca sé(leanann ar an chéad leathanach eile)