Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 315](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0461%2FCBES_0461_315.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 315
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 315
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtagadh na póilíní orrtha i nganfhios dóibh.Chuaidh an bhean amach san oidhche agus í ag dul thar coill i nDrom an Easaigh d'airigh sí an fothram agus an pléascadh mar a bheadh (mbeadh sa lámhscríbhinn) daoine ag troid i gcath. Bhí fuar-allas (alluis sa lámhscríbhinn) ar a héadan le scannradh acht pé sgéal é d'éirigh léi an tigh do bhaint amach. Tháinig sí abhaile arís agus duine eile a thionnlacan agus maidean i mbáireach bhuail Peig isteach chútha. D'innis sí di cad a thuit amach an oidhche agus í ag breith na sgéalta go dtí Drom an Easaigh agus leis gurbh iad cairde an chailín a thug saor go dtí an tigh í agus go ndeaghaidh sé dian orrtha an lámh uachtair d'fhagháil ar na daoine eile.
- Faisnéiseoir
- Cormac Artúr
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire na Cathrach, Co. Chiarraí