Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 320
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidir a fuaireas ó Mháire Ní Éigceartaigh - thá sí i Lundain fé láthair acht chomhnuigheadh sí sna Milíní, an Bunán.1.
Mo bheannacht agaibh
beannacht Dé in bhúr gcuid,
in bhúr sliocht agus bhúr sláinte.
Nár leogaidh Dia droch-sgéal in bhúr measg,
nú measg ár ndaoine ná
ár gcomharsain is gach aoinne
go bhfuil amuigh is sa mbaile.2. Íosa Críost ag cainnt lena mháthair"Id chodla[dh] ataoi a mháthair."
"Ní headh, a ghrádh geal ach ag marbhna atáimse
I dtaobh Rígh na nIúdach
Atá [ag] teacht annso i mbárach.
Fear caol, ciardhubh a chaol donn fé (?)
Beidh an [t]sleagh dhearg ina láimh aige
Chun í [a] sháth[adh] tré thaobh ár Slánuightheora, Íosa Críost."
"Is maith a[n] m[h]arbhna í, a mháthair."
Agus níl aoinne a déarfaidh í trí [h]uaire ar leabaidh chun suain ná faghaidh na flaitheas mar dualgas ar mo ghualain[n] go bráth.(Bhí a thuilleadh leo acht ní raibh sé aici.)- Faisnéiseoir
- Máire Ní hEigceartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí