Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 291
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí na Tuatha Dé Danann in a gcómhnuidhe i Liosannaibh fé'n dtalamh fadó, fadóí, agus deirtear gur chuireadar ór agus rudaí luachmhara i bfolach ionnta. Im feirm féin do fúaireadh an taosgán ba bhréaghtha dór dár luig aoinne a dá shúil ríamh air. Is mar seo do thárla an sgéal. Bhí sean a bhean agus mach amháin na gcómhnuidhe in aice le seipéal na Tuatha fadó, ach táid curtha anois beannach Dé ortha. Bhíodar ana bhocht agus bhí saghas draoidheachta nó rud éigin ar an mhnaoí agus bhíodh agus bhíodh sí ag cainnt i gcomhnaidhe ar saidhbhreas a bhí indan dhi. Lá amháin dubhairt sí le na mhach go raibh saidhbhreas go leór in áit áirithe, ach gáir an mhach agus níor chuir sé púinn suime ann. Lá amháin bhí sé ag dul in áit éigin agus chúaidh sé tré cómhghar trí an leasa. Díreach i lár an leasa do chúaidh a chos síos trí an dtalamh is bhaineadh phriabh as. Do rith focal a mátháir isteach na aigne agus do réab sé an talamh le na dhá laimh. Do leath a shuile air nuair a chonnaich sé dhá phíosa beag dór buidhe fé a láimibh. Do chur sé cuige iad agus rith sé abhaile ach bí fhios ag a mháthair an sgéal roimis mar a dubhairt chéadna bhí draoidheacht uirthi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chonchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Chonchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí