Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ní raibh na tighthe in Éirinn mar atá siad indiu. Indiu tá na tighthe go léir déanta de clochaibh, ach fadó níor chuireadh aon chloch in-aonchor ins na tigthibh. Bhíodh na tighthe déanta de "lathach buidhe" agus "tuighe". Dheineadh an "lathach buidhe" agus an "tuighe" do mheasgadh le na chéile, agus is leis an lathach agus an "tuighe" san a dheineadh gach chuid den tigh. Ní bhíodh aon fuinneóig ins na tighthibh san ach bhíodh poll beag ins an "bhfalla féidín" mar a tugtar ortha, agus bhíodh an poll san mar fuinneóig acha. Doras déanta de slathaibh a bhíodh acha. "Sgrúpán" a tugtaí mar ainm ar an doras san. Poll i ndíon an tighe a bhíodh acha mar séimmré. Bhíodh aon sheómra beag acha ins na tighthibh san. Bhíodh na tighthibh san ibhfadh níos truime ná na tighthe slinne atá ann an lá indiu.
Síle Ní Chonchubhair
Ainm agus seóladh an té a thug an méid eolais thuas i nGaédilg dom:-
Séamus Ó Conchubhair
Ceathrú-na-h-abhann,
Lios-a-Phúca
Cíll-Áirne- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí