Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 303
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ó shoin bhí feirmeóir i gCiarraighe, darbh ainm dó "Bearacán." Aon oidhche amháin bhí taidhbhreamh aighe. Ins an taidhbhreamh seo, do ceap sé gur chuala sé guth á rádh leis. Dubhairt an guth sin leis go bhfaigheadh sé bá nuair thiocfaidh trí ríoghthe go dtí a thigh. Aon tráthnóna amáin tháinig na trí ríoghthe do dtí a thig agus "mar a innseothadh duith" ní raib aon fáilthe aige rómpha. "Mo léar" bí sé mí-shásta leis féin. Dubhairt sé leo go bfaigheadh sé bás roimh "teacht na maidine." Tháinig scairt gáire sa na ríoghthe, agus dúbhairt siad ná raibh aon connthabhairt ann. Ach mar sin féin ní chuir sé aon t-suim ann. Ansan fuair na trí ríoghthe tubhán, agus do cuir siad a bhun suas agus a bharr síos agus do chuir siad Bhearacán fé an tubhán san. Ansan d'ith ag d'ól na rioghthe agus do [?] dhein siad gaisghe mór thimcheall an thighe. Tair éis tamall tháinig fear go dtí an doras, agus do bhuail sé cnag ar an doras.
"Cé hé sin amhuigh,"
"A bhfuil faobhair ar a guth,"
adeir na trí ríoghthe le na-chéile. "Áire bhó iseadh mé. Táim ag lorg foithine. Táim amuig ar feadh an oidhche go léir," O thoir thuaidh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí