Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 312
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- PÁIRCÍN CHONCHUBHAIRTá an páirc sin taobh le mo thigh-se agus bhí fear darabh ainm Chonchubhair in a chomhnuidhe i mbóthán beag i lár na páirce sin.
FIACHLA CHAILLIGHEIs in ár gcontae féin atá an sliabh is aoirde in Éirinn ar a dtugtar Carrán Tuathail. Ag teacht amach as an sliabh sin tá faille ar líne. Tá siad le feischint ó mo thigh. Thughtar Fiachla Chaillighe ortha, mar bhí chailleach in a chomnuide sa gleann in aiche an t-sléibhe.
AN LEACHASin ainm a cuirtear ar páirc i bhfeirm Mícíl Uí Dhughbhaill i baile fhearann Ceathrí-na-hAbhann.
MAOILISSin áit atá dá míle ó mo thigh. Tugtar an t-ainm sin air mar tá sliabh mar liathróid ó's a chómhair amach, agus tá lios bheagh ins ngleann.
GORT-BHUIDHETugtar an t-ainm sin uirthi, mar ní chuirtéar aon rud ann fadó ach seagail breágh, aoibhinn, agus bhí an baile fearann go léir bhuidhe.
GEADACHSin abha atá ag rith tré chuidh don bhaile fhearann féin. Tughadh an t-ainm sin uirthi, mar gach uair a mbíonn thuille ann, théigheann an abha tríd an áit go léir.
ABHA MHUILLINNTá an abha sin ag rith cúpla throigh ó mo thigh. Tugtar an t-ainm sin uirthi mar bhí muilleann ar a bruacaibh fadó.
CARRÁIN TUATHAILTá an sliabh sin súidhthe dá míle ó mo thigh, agus tá sé ar an sliabh is aoirde in Éirinn. Tugtar an t-ainm sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chobhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus Uí Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí