Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na h-ainmneacha atá ar na bóithre san áit seo ná:- An Sean Bóthar, Bóthar an Phortaigh, an Bóthar Árd agus an Bóthar Íseal. Téigheann na bóithre san go Cíll-Áirne, go Cíll-Orglan, go Gort-Buidhe agus go Chárran Túathail. Deineadh chuid des' na bóitre san seachtmód blian ó shoin. Tíghearna talmhan darbh' ainm dó "General Drumond" a dhein an "Sean Bóthar" atá ag dul go Ghort-Bhuidhe agus sé an chúis a bhí aige cun é a dhéanamh ná:- cun dul isteach i gach thig a thíoníonaidhe ag bailíughadh cíosa. Tá an bóthar ann ón lá san go dtí an lá indiú. Deineadh alán bóithre san áit seo idir na blianta 1847-1848, nuair a bhí an ghorta ann. Ní bhfhaighidís aon airgead ach gheibhidís biadh agus deoch. Fadó nuair ná raibh aon bóitre ann, bhíodh casán ag dul tríd na sléibhthe is gleannta ag na daoine. Bhí casán ag dul ó shliabh i Dhúnló go dtí sliabh i Néidín. Tá sceal i dtaobh an dá shliabh san - mar atá:-Fadó bhí droch daoine san tír seo, agus bhí droch innthin acha do gach shagart. Do mhairidís gach shagart a chonnaicidís ag rádh Aifrinn. Bhí sagart aon lá ag rádh Aifrinn ar chúl Shléibhe Strícín, agus do chonnaiceadar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí