Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 399
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí alán filí san áit seo fadó. Seo íád leanas na chinn dobh fhearr:-
"Séamus Chróin na n-Amhráin." Bhí an fear sin ag gábhail ó tigh go thig ag ceapadh amhrán dos na daoine. Ní chuimhnigheann na daoine ar aon amhrán a chum sé.SGÉAL I dTAOBH SHÉAMHUIS CHRÓINAon lá amháin fuair sé rásúr, agus chuir sé an rásúr in-aice a choise agus dubhairt sé méid fhochla. Tháinig franncaigh agus gearr sé an cheann de.
Bhí file eile darbh ainm dó Dómhnaill Ó Méara a bhí na chómhnuidhe i "gCill-a-Lí." Bhí alán cómhachtaí ag an bhfear san leis. Ní chuimhnuigheann na daoine ar an amhrán do chum sé.SGÉAL I dTAOBH DHOMHNAILL UÍ MEÁRAAon lá amháin bhí sé ag dul go rasaí a bhí in-aice. Bhí roinnt airgid ag téastáil uaidh agus níor thug a mháthair an t-airgad dó. Dúbhairt sé roinnt fochal agus tháinig na mílte franncaigh thímhceall a mháthair agus níorbh 'fada gur thug sí an t-airgead dó.
MUIRIS SEÓIGHa bhí ag gábhail ó thig go thig leis agus bhí sé ar an bhfile dobh fhearr . Bh'feidir leis amhráin do cheapadh, agus gach rud a innsint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí