Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 069
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl fear eile i bparóiste na Tuatha cosamhail le Tadhg Bheait Uí Chonchubhair. Tá sé beagnach ceithre fichid bliadhan daois anois agus siubhlann sé suas an séipéal gach Domhnach comh - coséadtrom agus comh - díreach is bhéadh sé acht fiche bliadhan. Tá sé níos mó ná sé troighthe ar aoirde agus tá a ghuailne comh leathan agus cómh-láidir le piolóir geata. Ní bhíonn líne ar a aghaidh. Bíonn sé cómh ghlan agus cómh bearrtha gach Domhnach agus dá mbéadh sé ag dul a phósadh. Níor dhein Tadhg aon ghaisce ríamh acht deirtear gur dhein a úncail ana-sgrios fad ó ar aonach an phatrúin i gCillgobanatan.Baile beag briste is ead Cillgobantan. Bhíodh aonach mór ann sa t-sean aimsear agus bhíodh a lán daoine ann ag díol agus ag ceannach. Bhíodh capaill, ba, caoirigh is muca ann. Bhíodh poitín agus drúichtín sléibhe go flúirseach ann. Bhíodh árd-spórt ann, daoine ag rinnce is ag amhráin, daoine ag ól agus ag imirt cártaí, Bhídís ag imirt baitín buidhe ann leis. Ins an trathnóna nuair a bhíodh obair an lae déanta aca agus a ndóthain ólta, bhídís ag troid le na céile, agus ba mhinic a bhíodh cinn briste aca ag dul abhaile tar éis an lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí