Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 071
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lá bhí troid idir Muinntear Cathbhuadhaig ó Choill agus na Cróiníní ó Mhaol-lios. Bhuaidh na Cathbhuadhaigh ar na Cróiníní agus rith na Cróiníní as an áit. Níor imthigheadar go léir abhaile amh mar chonnaic na Cathbhuadhaig duine aca ar meisce in aice na háite agus thugadar fé agus thugadar bualadh maith dhó. Chonnaic Úncail Thaidhg Bheait cad a bhí ar siubhal agus bhí sé ana cháirdeamhail les na Cróiníní. D'árduig sé a bhata droghín agus thug sé fé na Cathbhuadhaig. Bhí deicheanabhair aca ann agus do leag sé gach fear aca in andhuine is in a nduine. Ní rabhadar ábalta buille do chuir air bhí sé comh-maith cun an bata do láimhsáil. Fé dheire do stadadar agus bhíodar go léir brúighte gearrtha agus ní raibh acht cúpla marcanna beaga ar cheann Úncail Thaidhg Bheait. Bhí máthair Thaidhg ann ag féachaint ar an gcath agus do ghlan sí an fuil as ceann a dritháir.
    Shiubhal sé abhaile ón aonach comh-maith agus comh-bríomhar agus do shiublóchadh sé abhaile ón Aifreann maidin Domhnaigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Lios an Phúca, Co. Chiarraí