Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Déirigheas go moch maidin amháin i mí Feabhra 1894 cun dul ar scoil. Chuireas síos an teine agus bhíos ag dul amach go dtí an tobar fé dhein canna uisce igcóir mo bhreicfeasta. D'osclas an doras agus thuit carn mór sneachta isteach i lár an úrláir. D'fheacas amach agus bhí an tír go léir clúduighthe le bráth bán.Chuadhas amach go dtí an tobar agus níor bh'fuirist an tobar do shroisnt mar bhí an sneachta trí troighthe ar aoirde agus ní rabhas ábalta mo chosa do tharraing aníos tré an sneachta doimin. Fuaireadas an buicéád uisce ámh, Thángas isteach, ghlanas amach an sneachta a bhí ar an úrlár. Do dúnas an doras arís.Chuireas an citeal ar an teine. Do deineas cupán tae agus d'ólas é. D'ullmhuigheas mé féin cun na sgoile. Níor cuadhas acht leath-an-slighe, Chuadhas go dtí an cros-bhóthar agus bhí falla mór sneachta treasna an bhóthair annsan, mar do bhailig an gaoth an sneachta in aon charn amháin annsan. Ní raibh duine ná daona amuigh acht mé féin agus iompuigheas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí