Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 101
- XML “Cros Bhríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cros BhríghdeBhíos ag léigheamh mar geall ar an mbrídeóig agus mar geall ar Chrois Bhríghde.
Connac na buachaillí go minic ag dul timcheall na háite,an oidhche roimh Lá Fhéile Bríghde leis an mbrídeóig,acht ag bailiú airgid a bhíodar cun oidhche rinnce a bheith aca. Connac na buachaillí gléasta suas cun ná thaithneóchadh aoinne íad. Bhíodh an bhrídeóig ag an gcaptaen agus thagaidís go léir isteach sa chistin agus do dheinidís greas rinnce,annsan thógadh an captaen an tairgead agus théighidís go léir go dtí an chéad tig eile.
Bhíos ag ceistiú na mbuachaillí annso,agus fuaras an méid eolais seo thíos mar gheall ar an slighe go ndeintear an obair i Maol-lios.
Cupla oidhche roimh lá Fhéile Bríghde,bailigheann na buachaillí agus na cailíní i dtig feirmeóra éigin agus deineann síad an bhrídeóg agus Cros bríghde leis. bíonn an Bhrídeóg cosamhail le bábóig ana-mhór. De tuighe agus píosaí bhíre a deantar an chros. Oidhche roimh lá Fhéile bhríghde bailigheann síad sa tigh céadna arís agus tógann ceann dos na buachaillí an bhrídeóg agus an Chros ceangailte uirthi anáirde ar a ghualainn chlé agus amach an doras leó go léir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dáithí Ó Léain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmaid O Léain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí