Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 107
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na cailíní ag dul go dtí an Aifreann fós ag rith ar dhá roth. Ag an am san ní raibh acht dhá droichid ar an Giodaig agus dubhaiart sé go mbéadh ceithre droichid ag dul thairste. (Cúpla bliadhain ó shoin a deineadh ceann aca). Dúbhairt sé go leagfaidhe droichead uachtarach na Giodaighe dhá uair agus ná béadh sé suas an chéad uair nuair a bhéadh sé leagtha airís. (Do leag an tuille é ins an mbliadhain 1918 deineadh suas é agus annsan leagadh airís é ins an mbliadhain 1920)Dubhairt sé go mbéadh cogadh san aer agus agus dubhairt sé go mbéadh drithár ag troid igcoinnibh dritháir. Dubhairt sé leis na feirmeóiríbh go dtiocfadh an lá nuair a bhéadh na cáin níos mó ná a gcíos, agus dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair ná béadh ag Sasanna acht aon long-chogaidh amháin.Dubhairt sé go raibh pota óir i bhfolach ar bhruach na Giodaighe inaice le Poll-na-Féithe ar an taobh thíar de'n droichead uachtar. Cúpla bliadhan ó shoin do réab an tuille cuid de'n port agus nuair abhí na fir-oibire ag deisiú na háite, fuaradar píosa breágh admaid i bpoll sa phort(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Diarmad Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí