Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 119
- XML “An Práta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhaith láidir a bheith in gach scioltán.
Caithtear i leath-taoibh na SCIOLTÓGA.
Cuirtear na scioltáín isteach i MÁÍLÍN SÁIDHTE
Deintear puill ins an iomaire le rann, cuirtear scioltán isteach sa pholl agus dúntar an poll annsan le cúl na ranna.Baintear mórán aitinn le grafán, nó le speil. Cuirtear an aiteann fe's na buaibh i gcró na mbó mar easair nó leabaidh. Lobhtar an aiteann agus tar éis tamaill i gcarn aoilig é deineann sé aoileach maith cun na bprátaí. Cuirtear rainnt aoilig den aiteann lobhtha ar na prátaí agus cuirtear cré suas ar bharr an iomaire le sluasad. Fásann na gais prátaí aníos tré an iomaire agus tré an aoileach agus tré an gcré agus cuireann síad a gcinn anáirde. Deineann an sioc, agus an stoirm mórán diobhála do's na gaiseanna. Cuirtear an tarna cré leo annsan agus i mí an Iúil déantar sprayáil igcoinnibh an duibh ortha. Baintear na prátaí nuadh roimh Aonach an Phuic (Lughnasa uadh (?)) Ní bhíonn aon mhaitheas i bpráta bainnte roimh an dáta so, ní bhíónn ionnta acht uisce. Bainntear an barra go léir roim lá Samhna agus cuirtear isteach íad(leanann ar an chéad leathanach eile)