Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 136
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leigfeadh a bháíní braon baistighe tríd.Cniotáltar stocaí san áit seo. Faghtar an snáth ó olann a gcaoraig féín. Sníomhtar an olann i dtúirni sa bhaile agus deintear snáth de. Deintear na stocaí den snáth san. Díoltar na stocaí i gCillorglain. Bíonn na stocaí bána ana mhaith cun caitheamh ins an samhradh. Nuair a bhíonn fear ag obair lá breáh Samraidh agus bróa troma air bíonn a chosa ag cur alluis agus bíonn na stocaí bána ana chompórdach ar na cosaibh bochta. Bíonn leigheas speisíálta ins na stocaíbh dathaighthe le lus-na-gcloch.Ní deintear léinteacha de lín éádaig annso anois acht fad ó do dheinidí léinteacha in gach tig feirmeóra. Caitheann na feirmeóirí saidhbhre cótaí-móra bréide, nó cótaí móra de (blue pilot) nuair a siubhlann síád go dtí an baile mór lá aonaig. Is annamh a chithear feirmeór agus bóna air ar nós fear ins an mbaile mór. Nuair a gheibheann sean duine bás caitheann cara dhó a chultacha a bhróga, a hata agus (?) ag dul ar aifreann trí Domhnaig in a dhiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dáthí Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí