Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 107
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí duine bhocht ann darab ainm Pádraig Ua Dálaigh.”
Mar a tháinig roimisBhí fear agus a mhac ag ithe ag an mbórd lá a’s bhí pláta feóla ag an mbuachaill a’s ní raibh acht salann agus bainne ag an athair. Blaiseadh do’n fheóil ní thabharfad sé dá athair agus i gcionn tamaill bhí breis ithte aige agus tháinig atadh air a’s bhí i gcruad chás acht ní raibh puinn truagha ag an athair do agus d’fhág sé i bpéin é go ceann i bhfad mar gheall ar an spriúnlaitheacht do dhein sé. Sé bhí le deunamh ag an mbuachaill ná téad d’fhághailt agus é chasash timcheall ar a bholg sar a bpléasgfadh sé. Do ghlac an t-athair truagh dho sa deire agus adubhairt “prioc an chnámh a dhroic mhic” mar nuair a bheadh san dá dheunamh is gan rian feola ann thagfadh ocras air agus thráthfad an bolg.- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Dhálaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí