Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 110
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear theas i gCathairsabháin darab ainm do Jericho.”
Mar a tháinig roimisBhí fear theas i gChathairsabháin darab ainm do Jericho. Fear bocht a bhí ann agus seisear clainne dar chúram air. Bothán cois bóthair a bhí aige agus ní raibh dallmhaitheas an tsaoghal aige acht aon caora amháin agus i ar thaoibh an bhóthair. Dheinead sí siúd i féin do bheathú. Chuaidh sí i ngairdín prátaí lá. Chas fear an tighe amach í. An lá na dhiaidh isteach arís léi. Ní fheacadh aoinne anois í agus do deineadh scrios. Lámhach fear an ghuirt í ar an láthair. Bhí Jericho chun é thabhairt chun dlíghe agus d’iarr sé cómhairle ar Sheán na Saoi. Seo mar do labhair.
J. A Sheáin mhic Mhuiris a bhráthair
O’s duine tú dein’ cháirdibh gaoil
Cionnus an ghoileann mo cás ort
Nó an dtabharfaidh mé Seán chun dlíghe.S. So a Jericho mar ghoileann do cás orm.
Tá tú creachta go bráth dá druim
A’s is fada don donas ad’ gráthaibh
‘gus mise mar cách. FoiríorJ. Sé deir na h-ughdair is fearr liom
Ná raghadh sé go bráth chun cinn
Muna dtugadh sé uan dom sa Mhárta
Nó airgead bán mar dhíol(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Dhálaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí