Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Murt Ua Muircheartaig 12¼ bl. Cill mac Ciariann a athair Murt
    Doineann
    Gála
    San 20adh Feabhra 1886 d’éirigh gála. Níor bhain aoinne an leabaidh amach an oidhche sin annso. Bhí na h-aoinne amuigh ag iarraidh na tighthe, is na cocaí, is na stácaí a choimeád agus iad ag árdú a chéille agus gan fhios ag éinne an rud a bhí ag an duine eile a rádh. Leag sé dhá choca féir is stáca ar mo shean athair. Sgiob an stáca léi timcheall na dúthaighe. Thóg sé ceann de chró le Seán Dhomhnaill Ua Mhuircheartaig agus leag dhá chrann mhóra fuinnseóg ar muinntir Mhic Giolla Pádraig.
    Trom bháisteach
    B’éigean do mhuinntir na h-áite seo fanamhaint ó’s na ráiseannaibh 1899 mar i lár a’ – Mheithimh thuit tuile mhór an maidean sin. Do bhris scamall ós cionn cnoic i gClochán agus thuit ‘na thuille go talamh. Bhris is réab sé gach claidhe ar an mbaile.
    Sneachtadh
    San 6ad lá Feabhra 1895 bhí sneachtadh throm annso. Timcheall a sé a chlog tráthnóna a thosnuigh ag cáthadh shneachtaidh chom trom san is nár b’féidir le daoinibh dul ag crúdh na mbó gan pasáiste dheunamh ó béal dorais go cró. Bhí ortha sneachtadh do leagadh chun té do dheunamh agus chun deoch thabhairt d’ainmhidhibh.
    Tóirtneach
    Taréis Aifreann an Domhnaigh i lár an Mheithimh i 1900 thosnuigh na tóirthnigh ag pléascadh. Do mhairbhuigheadar ba ar Mhicí Fhionáin Dromaireach agus bean Uí hAodha ón Slathaigh.
    Stoc:
    Timcheall na Nodlag 1899 bhí trom shioc agus ní raibh ar chumas capaill dul ar bóthar go ceann seachtmhaine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Murt Ua Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Murt Ua Muircheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí