Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 161
- XML “Ceallúnach”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceallanach:1. Cois a’ Chaoil i bhfeirm Phartaláin Uí Shúilleabháin. Tá so liostálta cheana mar tháiinig daoine á infhiúcadh bliadhanta ó shoin agus bheireadar leo cunntas na gcloch go raibh an Ogham ortha.
2. Tá ceallúnach eile i bhfeirm Phádraig Mhic Giolla Pádraig i gCill mac Ciarainn an chéad páir ón mbóthar suas. Tá clocha ag marcáil na n-uaigh ann mar roiligh a b’eadh é níos mó ná 50 bl. ó shoin. Is ann anois cuirtear leanbhaí gheibheann bás roim baiste dhóibh. - Sgéal
Deirtear timcheall na h-áite seo gur mó uair go bhfacthas daoine beaga ag imirt i bpáirc an leasa leis an n-Gearaltach agus fós go ngabhann sochraid ‘na threó ar bhás do dhaoinibh áirithe.Bhí de nós timcheall na h-áite seo dul Aoine an Chéasda don sean roilig i n-ionad casadh chun an t-séipéil. Na mná is mó bhíodh ag úrnaidhe ann. Tá san ar ceal anois.