Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 199
- XML (gan teideal)
- XML “Big Nubs”
- XML “Big Strills”
- XML “Small Nubs”
- XML “Small Strills”
- XML “Hens to Bed”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Raid uait cúig póirín. Caith ceann an áirde agus beir greim ar dhá cheann sar a mbéarfair arís ar sin...”
1. Raid uait cúig póirín. Caith ceann anáirde agus beir greim ar dhá cheann sar a mbéarfair arís ar sin. Caith ceann eile anáirde agus tóg suas an dá cheann déidheannach sar a mbéarfar air. Cuir síos ceithre cinn. Caith ceann anáirde agus tóg suas na cinn ar an dtalamh roimh breith dhuit ar an gceann anáirde.- 2. Big Nubs .5.
Caith ceann anáirde agus raid uait na cinn eile roimh breith dhuit air. Caith anáirde arís an ceann san agus tóg suas na cinn eile roimh breith air. - 3. Big strills 5.
Caith ceann anáirde agus scaip na cinn eile ar an dtalamh. Tóg suas trí cinn roimh breith air. Tóg an ceann air an dtalamh agus dein mar a deineadh i dtosach. - 4. Small Nubs 4.
Le láimh amháin.
Tóg ceithre cinn. Ceann anáirde, agus trí go talamh iad a thógaint roimh breith ar an gceann anáirde. - 5. Small strills 4.
Le láimh amháin, ceann anáirde agus trí go talamh. Breith ar an gceann san agus anáirde leis arís annsan dhá ceann do thógaint roimh breith air. Tóg an ceann fágtha agus dein mar deineadh i dtosach. - 6. Hens, to bed.
Cuir (bas) barraí meur na láimhe chlí ar an dtalamh – árduighthe meuranna ó chéile. Coimeád na póiríní sa dorn deas agus póirín idir ordóg agus meur. Caith anáirde é agus scaip na(leanann ar an chéad leathanach eile)