Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 204
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Arán mine bhuidhe agus bláthach. Gheibhidís an mhin annso as muilleann i gCarthainn 3 mhíle ó Chathair Saidhbhín...”
1. Arán mine bhuidhe agus bláthach. Gheibhidís an mhin annso as muilleann i gCarthainn ½ míle ó Cathair Saidhbhín.
2. Leite mhine bhuidhe
3. Leite mhine choirce
4. Leite mhin eórnán
5. Staimpí – Uaireanta bhíodh an t-aon chloch amháin ins gac’ baile chun na prátaí a scríobhadh. San i nDromaireach (Drom Darach)
6. Iasc rósta do mheasgad le bainne
7. Arán min choirce. “Mo ghraidhn an bhean a théigheadh sa stáca” Sé sin an bhean raghadh go dtí an stáca ar maidin go luath agus go mbeadh an chíste aici don bhreacfast.
8. Nuair a bheadh na prátaí gann chaithidís turnaipí bána agus cabáiste a bheirbhiú leó.
9. Cabáiste brúighthe measguighthe le bainned na ngabhar.
10. Fuil bheirbhighthe. Bhainfidís cuid don fhuil as na h-ainmhidhtibh agus íosfaidís é.(gan teideal)
“Dhá bhéile sa ló bhíodh aca. Ar maidin timcheall leath uair tar éis deich bheadh leite nó císte mhin choirce agus bláthach...”
Dhá bhéile sa ló bhíodh aca. Ar maidin timcheall leath uair tar éis a deich bheadh leite nó císte mhin choirce agus bláthach. Timcheall a cúig bíodh prátaí nó praiseach aca. Is minic leis bhíodh prátaí ar maidin aca agus annsan ar pháistibh scoile prátaí rósta bhreith leó do lón an lae. Ba mhór é obair na ndaoine roimh breacfast – páirc féir do bhaint, ualach a thabhairt ón dtráig nó prátaí do bhaint Domhnachh Cásca. Iosfaidís mór chuid ubh.Saghasanna Aráin
Staimpí: Na prátaí a scríobhadh. Beagáinín salainn agus sóid iad do mheasgadh ar a chéile. Annsan ar greidiol le bacáil. So a ithe te.(leanann ar an chéad leathanach eile)