Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 215
- XML “Prátaí do Chur”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Prátaí do chur:
Cheithre slighthe le céachta:
1. Treabhadh réidh.
Treabhadh leath réidh. Annsan na h-iomairí do réidiú, cúig fóid iomaire, dhá cheann clais, síol do sháthadh. Aoileach do leathadh agus na claiseacha d’árdú le rámhainn.
2. Treabhadh agus ath threabhadh;
Treabhadh na Samhna: Treabhadh treasna agus fuirseadh i Mí na Feabhra.
Iomairí leagadh amach. Síol agus aoileach do leathadh agus na claiseacha d’árdú.
3. Driollaí:
An pháirc do threabhadh agus d’fhuirseadh. Annsan dul síos agus teacht aníos le fód ar gach taoibh. An síol do leathadh sa chlais an t-aoileach do leathadh agus an cré d’iompód isteach le céachta.
4. Iomairí ar an bán:
Fód i lár páirce, fód ar an dtaoibh eile. An iomaire do threabhadh agus an chlais d’fágaint. Aoileach is síol do leathadh. Claiseacha do bhogadh le céachta gan clár .
Na claseacha d’árdú:
Le rámhainn trí slighthe.
1. Más páirc tar éis cabáiste nó turnaipí é, é scoilteadh agus lár an iomaire d’fhágaint do’n chlais. Annson mar iomairí ar an mbán.
2. Ath Romhar:
Teacht ar bharr an iomaire agus gearradh oscailt. Leabadh scioltán do dheunamh san ngearradh le h-aoileach agus barr nó scraithín ón mbarr. Annsan an gearradh a dhúnadh.
3. As an nua:
4½ tr. Iomaire agus troigh do’n chlais. Claiseacha do árdú - an scraith d’iompódh isteach, síol agus aoileach a leathadh. Agus annsan na claiseacha d’árdú.