Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 196
- XML “Goid an Láir Bhán”
- XML “Bulaí an Bhainc”
- XML “Tarrac an Mhála”
- XML “Cleas an Chaidhreáin”
- XML “Dalladh Púicín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le duine éigin roimis “Sín se amach mo láir bhán” agus má aimsigheann sé an gaduidhe leantar le duine eile leis an amhrán acht muna aimsigheann tá cead ag an duine san paltóg a thabhairt do agus leantar leis go n-aimsigheann an duine cóir.
- Bullaí an Bainnc:-
Dream ag iarraidh dul ar bhannc agus iad go léir ag coimeád an duine aonair gan dul ann. An té gur féidir leis dul ar bharr d’aimhdheóin na daoine eile agus an port do choimeád is é siúd an bullaí. - Tarrac a’ mhála:-
Duine na shuidhe ar mála agus daoine eile dá tharraingt le fónaidh síos. Turas do gach éinne. - Cleas an Chaidhreáin:-
Trí caidhreáin ar thalamh agus bíonn beirt sa chleas agus annsan téigheann duine aca amach agus an fhaid bhíonn amuigh cimileann an duine bhíonn istigh cadhrán. Tagann isteach agus le h-iongnadh na ndaoine eile aimsigheann an cadhrán ceart mar faghann cómhartha ón pháirtín istigh. Más é an ceann láir é casann an duine srón, do’n ceann deas, caochann súil dheas agus do’n ceann clé caochann súil chlé. - Dalladh Púicín:-
Duine i lár baill agus dallóg air na daoine eile ag imtheacht timcheall air. An duine ar a mbeireann sé agus ar a cuireann(leanann ar an chéad leathanach eile)