Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 121
- XML “Clochán Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dómhnall Ó Cúrnáin MálainnClochán MhóirClochán é seo i gcnoc Mhálainn. Deir sean daoine gur fuadaigheadh triúr driféar as móinfeur taobh thall de Góilín lá breágh Foghmhair a’s cuireadh bean aca go ceanntar an Daingin, bean eile go Cill ó Gróin agus an tríomhadh bean go Clochán Mhóir. B’ainm dí sin Mór is bhíodh sí á fheiscint ag Clochán Mhóir agus síos suas an Caol an Sprid an mheádoin lae. Bhí garsún ó Cill mac Ciarainn lá thuas ag Clochán Mhóir fadó saoghal is chuaidh Mór ag caint leis. Chuir sí tuairisg air. ‘Cá raibh gach aon áit timcheall. An Carraig, Ceannfhionn, Túirín na gCiaróg, Cuimín Doimhin, Cúim a Bháis. Thaisbeáin sé na h-aon cheann aca. “Cá bhfuil Clochán Mhóir” ar sise sa deire. “Má’s is fearr fhios agat féin é sin ná agamsa” ars’ an garsún. Thóg sí le leangaire baise é treasna na leacan is is tréigein bháis is bheatha. Chuaidh sé abhaile. Thóg sé an leabaidh as níor mhair acht cúpla lá. Deirtear go raibh sí ag caint le fear eile na bliadhanta dubha na dhiaidh. Sin as go raibh sí go muinnteardha leis as ag deunamh grádha leis. Bhí cúl gruaige uirthi cómh buidhe le giní a’s seo mar d’innis sé an sgéal.Mór nú bean na Gruaige Buidhe
Maidin aoibhinn Fóghmhair gan ceó na
Ar leath taoibh gleanna go h-uaibhreach ag Clochán Mhóir do bhíos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí